|
|
Scéal is Deireanaí
Tá “An Cheardlann” - grúpa stiúideonna ceardaíochta agus ealaíona - suite caol díreach cois na trá ar an taobh thoir den Spidéal, ag breathnú amach ar Chuan na Gaillimhe, Aillte an Mhothair agus Oileáin Árann. Is ann a fheicfidh tú deichniúr ceardaithe éagsúla i mbun dearadh, cruthú agus soláthair a saothar. Is mór is fiú d'aon chuairteoir ar spéis leo ceardaíocht agus cultúr na hÉireann cuairt a thabhairt ar Cheardlann an Spidéil. Ní bheidh deacracht ar bith agat an áit a aimsiú agus tá sé breá éasca do bhealach a dhéanamh timpeall. Más fonn siopadóireachta atá ort nó fonn bia, buail isteach, tóg go réidh é agus bain sult as!
Cóipcheart © 2012 An Cheardlann, Stiúideo Ceardaíochta agus Dearadh an Spidéil: Áit Sainiúil, Fíor-Cheardaíocht agus Bia Blasta. Gach Ceart ar Cosaint.

