Ceardaíocht á Cheiliúradh sa Spidéal ag Féile na Ceardlainne Priontáil R-Phost

Preas Ráiteas

Tá 2011 ainmnithe mar Bhliain Cheardaíochta na hÉireann ag Comhairle Cheardaíochta na hÉireann.

Leis an ócáid seo agus an cheardaíocht agus an dearadh Éireannach is fearr a cheiliúradh, déanfaidh an Ceardlann, Stiúideonna Ceardaíochta & Deartha an Spidéil óstáil ar Fhéile na Ceardlainne, Féile Ealaíon, Ceardaíochta, Ceoil agus Damhsa saor in aisce ón 26ú Aibreán – 1ú Bealtaine.


Tá fáil sa Cheardlann ar naoi stiúideo uathúil do dhearadh na nEalaíon agus na Ceardaíochta agus tá clár seachtaine leagtha amach ag na baill sin le haghaidh Féile SAOR IN AISCE do cheardlanna an lae oscailte chun tabhairt faoin gceardaíocht. Bain triail as Déanamh Poirceallán agus faigh Taithí ar Chré, b'fhéidir Potaireacht a chaitheamh ar rotha, tug sásamh don ealaíontóir atá ionat le beagán Péintéireachta agus Líníocht Fíoracha, féach ar cheird iontach an Fhíodóra traidisiúnta ag obair ar sheol, foghlaim chun Gloine Dhaite a chruthú de réir na slí traidisiúnta nó dear do chuid seodra Gloine féin. Foghlaim Gaeilge le Ciabhán Ó Murchú, Réalt Ros na Rún, bain sult as a bheith ag déanamh Eitleog, lig leis an strus le Tai Chi, téigh ar cheann de chosáin Siúlóide an Spidéil nó dear do Shuaitheantas Cnaipe agus do Bhráisléad Cairdis féin. Sa tráthnóna bain sult as Ceolchoirm faoin Aer agus tú ag féachaint amach ar Chuan na Gaillimhe agus siamsaíocht ar fáil ó cheoltóirí áitiúla, damhsóirí ar an sean-nós lena n-áirítear 'fear poist ag damhsa', damhsa Laidineach agus ceol ón Chordastáin. Bí ag damhsa agus ag léim timpeall ar Chrann Bealtaine lán le ribíní. Chun do scíth a ligean tar éis an lá fada, buail isteach chuig Builín Blasta a chuireann bia baile den scoth ar fáil ar nós pastaethe, seabhdar, píotsaí agus milseoga iontacha agus seans ar an gceol agus tú ag ithe.

Í ag ceiliúradh 27 bliain i mbun gnó agus í lonnaithe ag béal shráidbhaile an Spidéil, tá an ceardlann ag féachaint amach ar radhairc den scoth, mar shampla, Cuan na Gaillimhe, Co. an Chláir, Oileáin Árann agus Aillte an Mhothair. Tá an Cheardlann lán le taiscí de chruthúcháin lámhdhéanta óna cuid ealaíontóirí ar fad atá ag cur na gceardlanna ar fáil don Fhéile. Ealaíontóir meán measctha í Geraldine O' Rourke a bhfuil a carachtar agus a pearsantacht féin leis na cruthúcháin atá déanta aici agus ina measc tá idir Mhiotaseolaíocht Cheilteach, líníochtaí fíoracha agus téamaí uisceach. Is Criadóir é Rob D'eath ó Sliding Rock agus sa seomra taispeána agus sa cheardlann atá aige tá gailearaí d'ealaín chomhaimseartha cheirmeach na hÉireann, ag léiriú saothair ó ealaíontóirí eile in Éirinn mar aon lena chuid féin. Déanann Máire Ní Thaidhg fíodóireacht ar a cuid cochall, bratóga, taipéisí balla agus taipéisí atá deartha ina n-aonar ina siopa ag úsáid snátha a léiríonn dathanna beoga Chonamara agus thírdhreach Chuan na Gaillimhe. Ealaíontóir Braisíleach í Andrea Rossi atá lonnaithe i gConamara agus bíonn sí ag obair trí mheán aicrileach ag táirgeadh saothar dathannach fíorach. Saothar comhaimseartha go leor atá aici agus fiosraíonn sí gnéithe éagsúla de chultúr saibhir na hÉireann.

Bíonn Sue Donnellan, ealaíontóir le Gloine Dhaite, ag obair le dearaí comhaimseartha agus faigheann sí inspioráid ón bhfarraige agus an tírdhreach dúchasach atá mórthimpeall uirthi agus cruthaíonn sí píosaí uathúla agus inspioráideacha de sheodra gloine, lampaí, cloig ghloine agus coinnleoirí. Soláthraíonn Gearóid Ó Murchú ón Spailpín Fánach dearaí Ceilteacha ar leith i málaí láimhe faiseanta, t-léinte, éadaí neamhfhoirmiúla, leabhair, cluichí agus gach rud atá Gaelach do dhaoine fásta agus do pháistí. Gnó teaghlaigh is ea Cloon Keen Atelier a fheidhmíonn mar thearmann do na céadfaí ar fad agus tá cáil air don réimse leathan, le os cionn 35 coinneal chumhra a doirteadh le lámh agus na hoiriúintí coirp, folctha agus teaghlaigh den scoth atá acu. Is Caifé álainn é An Siopa Buí inar féidir le tuismitheoirí agus páistí a gcuid potaireachta féin a phéinteáil agus sásamh a bhaint as réimse leathan gníomhaíochtaí ceardaíochta sa siopa ina ndéantar cártaí agus leabhair ghearrthóg leis an stoc is fearr in Éirinn. Cuireann Celtic Coin Jewellery seodra airgid, copair agus práis ar fáil ag úsáid dearaí cáiliúla na chéad boinn a bhí ag Saorstát Éireann agus ionchorpraíonn siad an bhís ársa a aimsíodh in oidhreacht Cheilteach na hÉireann. San áireamh tá bróistí, lúibíní cufa, muincí airgid, fáinní cluas agus marcóirí do liathróidí gailf.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gClár agus Áirithintí Ceardlainne, déan teagmháil leis an gCeardlann, Stiúideonna Ceardaíochta & Deartha an Spidéil. Fón. +353 91 504840

Suíomh Gréasáin: ceardlann.com

Beidh Féile na Ceardlainne ar siúl ón 26ú Aibreán – 1ú Bealtaine ón 10r.n.–6i.n. Ticéid laethúla: SAOR IN AISCE

Bliain na Ceardaíochta 2011: www.craftinireland.com/events/details/feile-na-ceardlainne/

Tuilleadh Eolais don Phreas den Teagmháil le:

Rphost: This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it

Nuashonraíodh go deireanach: Dé hAoine, 22 Aibreán 2011 18:16