Sue Donnellan, ealaíontóir gloine dhaite – Glass Art Design Studio
Gluais do phointeoir luiche thar an íomhá chun an taispeántas sleamhnán a stopadh

www.oftheearthartworks.ie - Fón: +353 86 806 7352 - teagmháil

Is ealaíontóir gloine dhaite í Sue Donnellan, as Baile Átha Cliath ó dhúchas.

Mealladh Sue go cósta an Iarthair agus thit sí i ngrá le Conamara. Is í áilleacht dhraíochtúil gharbh na háite a thugann inspioráid di ina cuid oibre.

Baineann Sue sult as fiosrú a dhéanamh ar an gcaidreamh idir solas agus dathanna agus tá sé seo le sonrú sna lampaí comhaimseartha gloine dhaite, sna seodra, sna pictiúir agus sna coinnleoirí a chruthaíonn sí. Cuireann gach píosa dá cuid an paisean atá aici d’obair ghloine i bhfeidhm.

Tá an obair ar fad a chruthaíonn Sue sainiúil agus tá an damhsa idir solas, dath, foirm agus ceapachán inspioráideach.

Uaireanta oscailte: Luan go Dé Domhnaigh: 10 r.n. - 6 i.n., Dúnta ar an Luan sa gheimhreadh

Nuashonraíodh go deireanach: Déardaoin, 07 Deireadh Fómhair 2010 23:30